Tuesday, March 27

Dia Daoibh

Here is a paragraph in the Irish language. If you need it, here is Google Translate, but I find most the time its not very accurate so just go with it..
Tá mé ag scríobh as Gaeilge anois. Gaeilge ná an teanga naisúinta anseo in Éirinn, ach fós ní labhraíonn a lán daoine é agus níl a lán daoine in ann a bheith ag caint as gaeilge freisin! Is aoibhinn liom Gaeilge! Thosaigh mé ag caint as gaeilge nuair a bhí mé an-óg, roimh thosaigh mé ag freastal ar bunscoil. Déanaim rang gaeilge sa scoil agus gach samhradh téim go dtí an gaeltacht - an áit is fearr sa domhain! Tá a lán gaeltacht difriúl, ach tá siad an-mhaith :) Sa gaeltacht, téann tú go dtí Contae na Gaillimhe agus fánann tú sa teach ann le daoine eile ar feadh trí seachtaine. Téann tú go dtí ranganna sa maidin, déanann tú spórt sa tráthnóna agus san oíche bíonn céilí (discó) ar súil. Déanann tú a lán cairde nua agus bíonn ana craic againn ann :) Chuaigh mé go dtí Coláiste Chamuis agus Coláiste Sheosaimh. Bhí siad go hiontach! :D Ba cúintóir mé freisin, sin an duine sa teach a raibh ag tabhairt aire (agus ag tabhairt amach!) le na daoine eile sa teach agus ag déanamh cinnte go raibh gach rud ceart go leor. Post an-deacair é sin ach an-taitneamhach :)


Seo é mise agus mo theach roimh an céilí gléasta suas :)

Seo é mo theach sa craobh comórtas amhrán :)

No comments:

Post a Comment